Matha 9:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin.

2. Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”

3. Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

Matha 9