Matha 24:31-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”

32. Ach foghlaimígí ón gcrann fígí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht.

33. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach.

34. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

35. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

36. “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.

37. Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

38. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc,

39. agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

40. Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine;

Matha 24