Matha 18:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?”

2. Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é

3. agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche.

Matha 18