Matha 17:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh.

2. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.

Matha 17