Matha 15:18-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine.

19. Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.

20. Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”

21. Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine.

22. Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”

23. Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.”

24. D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”

25. Ach tháinig an bhean agus d'fhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.”

26. D'fhreagair agus dúirt: “Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.”

27. Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.”

28. Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.

29. D'fhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin.

30. Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad.

Matha 15