Matha 13:21-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air.

22. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.

23. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

24. Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.

25. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d'imigh.

26. Tháinig an t‑arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin.

27. Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’

28. Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’

29. ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t‑arbhar aníos san am céanna.

30. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”

31. Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort.

Matha 13