36. Ach deirim libh, gach focal gan bhun dá labhróidh daoine, tabharfaidh siad cuntas ann lá an bhreithiúnais,
37. óir is as do bhriathra a shaorfar thú agus is as do bhriathra a dhaorfar thú.”
38. Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “B'áil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.”
39. Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh.
40. Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.
41. Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.