Matha 11:18-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. “Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’

19. Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”

20. Thosaigh sé ansin ag tabhairt achasáin do na cathracha ina ndearnadh an chuid is mó dá mhíorúiltí, i dtaobh nach ndearna siad aithrí:

21. “Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.

22. Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse.

23. Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.

24. Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.”

25. San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.

26. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.

Matha 11