Marcas 7:24-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Chuir sé chun siúil as sin agus d'imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.

25. Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí á caitheamh féin ag a chosa.

26. Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.

27. Dúirt sé léi: “Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.”

28. Ach dúirt sí leis á fhreagairt: “Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.”

29. Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d'iníon.”

30. Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.

Marcas 7