1. Na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige,
2. agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite -
3. óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear;
4. agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis -
5. d'fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?”
6. Dúirt sé leo: “Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa:‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheolaach is fada uaim atá a gcroí;
7. is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradhóir níl sa teagasc a mhúineann siadach aitheanta daonna.’
8. “Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.”
9. Agus dúirt sé leo: “Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún.
10. Óir dúirt Maois: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.’
11. Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’,
12. ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair,
13. ag cur briathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.”
14. Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: “Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo.
15. Níl aon ní lasmuigh den duine a d'fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan.
16. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!”
17. Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d'fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal.
18. Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
19. de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a d'fhógair sé gach bia a bheith glan.)
20. Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.