Marcas 14:49-65 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

49. Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.

50. Ach is chun go gcomhlíonfaí na scrioptúir é.” Agus thug siad uile a gcúl leis agus theith.

51. Fear óg a bhí á leanúint, ní raibh air ach brat línéadaigh.

52. Rug siad air, ach lig sé an brat leo agus rith uathu agus é nocht.

53. Sheol siad Íosa leo go dtí an t‑ardsagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd.

54. Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach i gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é á théamh féin leis an tine.

55. Agus bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín uile ag lorg fianaise in aghaidh Íosa d'fhonn é chur chun báis, ach ní fhuair siad.

56. Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach.

57. Agus d'éirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh á rá:

58. “Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’ ”

59. Ach níor réitigh a bhfianáise fiú sa mhéid sin.

60. Agus d'éirigh an t‑ardsagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, á rá: “Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo á dhearbhú ort?”

61. Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”

62. Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.”

63. Stróic an t‑ardsagart a róbaí: “Cad is gá dúinn a thuilleadh d'fhinnéithe?” ar sé, “chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?”

64. Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige.

65. Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.

Marcas 14