Marcas 12:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.

14. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”

15. Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.”

16. Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: “Cé hé arb é seo a íomhá agus a inscríbhinn?” “Céasar,” ar siad leis.

17. Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.

18. Ansin tháinig chuige Sadúcaigh - iad seo a shéanann an t‑aiséirí a bheith ann - agus chuir siad ceist air:

19. “A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’

20. Sea, bhí seachtar dearthár ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil.

Marcas 12