27. Tháinig siad go Iarúsailéim arís, agus ag siúl sa Teampall d'Íosa, tháinig uachtaráin na sagart, agus na scríobhaithe, agus na seanóirí agus dúirt siad leis:
28. “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug an t‑údarás sin duit chun na nithe seo a dhéanamh?”
29. Dúirt Íosa leo: “Tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibh; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh:
30. baisteadh Eoin, arbh ó neamh nó ó dhaoine é? Tugaigí freagra orm.”
31. Ach rinne siad machnamh ar an scéal mar seo ina gcroí: “Má deirimid ‘ó neamh’,
32. déarfaidh sé: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann?’ Ach dá ndéarfaimis ‘ó dhaoine’ ” - bhí eagla orthu roimh an bpobal mar bhí meas fáidh dáiríre acu ar Eoin -
33. agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Agus dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread, cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”