Marcas 10:50-52 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

50. Chaith sé siúd de a bhrat, d'éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa.

51. Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!”

52. Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.

Marcas 10