Lúcás 3:22-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

23. Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí,

24. mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Mheilchí, mhic Iannái, mhic Iósaef,

Lúcás 3