Lúcás 22:34-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.”

35. Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”

36. Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach.

37. Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”

38. Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor.”

39. Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é.

40. Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.”

41. Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche,

42. agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”

43. Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú.

44. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.

45. Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin,

Lúcás 22