Lúcás 2:47-52 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

47. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.

48. Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”

49. Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?”

50. Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo.

51. Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.

52. Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.

Lúcás 2