Lúcás 2:25-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.

26. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

27. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,

28. ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:

29. “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,de réir d'fhocail, faoi shíocháin,

30. mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil

31. atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:

32. solas chun na náisiúin a shoilsiúagus glóir do phobail Iosrael.”

33. Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air.

34. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -

35. agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin - chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”

36. Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.

Lúcás 2