Lúcás 18:41-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!”

42. Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.”

43. Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.

Lúcás 18