Lúcás 15:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis.

2. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”

3. Agus labhair sé an parabal seo leo:

Lúcás 15