Lúcás 14:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?”

6. Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin.

7. Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:

8. “Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú,

9. agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil.

10. Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat.

11. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”

12. Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.

Lúcás 14