Lúcás 11:15-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”

16. Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.

17. Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile.

18. Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.

19. Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.

20. Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.

21. Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta.

22. Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt.

23. An té nach bhfuil liom tá sé i m'aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.

24. Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: ‘Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.’

25. Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é.

26. Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spioraid eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.”

Lúcás 11