Lúcás 10:26-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?”

27. D'fhreagair sé agus dúirt: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’ ”

28. Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.”

29. Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”

30. Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.

31. Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.

32. Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.

33. Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é,

34. agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de.

35. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’

36. Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”

37. Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”

Lúcás 10