Léivític 9:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. An abhlann a thug sé i láthair ansin; thóg sé dorn aisti agus dhóigh ar an tine é fara íobairt uileloiscthe na maidine.

18. Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.

19. Saill an daimh agus an reithe - an t‑eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, na duáin, an meall saille ar an ae -

20. chuir sé an méid sin go léir ar na brollaigh agus loisc é go léir ar an altóir.

21. Rinne Árón na brollaigh agus an cheathrú dheas a ofráil mar dhleacht ar leith faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

22. Ansin d'ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas

Léivític 9