12. Tabharfaidh sé chun an tsagairt é, agus tógfaidh an sagart dorn de mar chuid chuimhnithe, agus an méid sin a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt dhóite don Tiarna. Íobairt pheaca í seo.
13. Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”
14. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
15. “Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.