5. ná bain fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora de d'fhiniúin gan bearradh. Bíodh sí ina bliain sosa ag an bhfearann.
6. Beidh sabóid an fhearainn féin ina cothú agat féin agus ag do dhaoir, idir fhir agus mhná, ag do fhear tuarastail, agus ag an deoraí a chónaíonn leat.
7. Bíodh a fómhar go léir mar chothú ag d'eallach chomh maith agus ag an stoc ar do thalamh.
8. Comhair seacht seachtaine de bhlianta, sé sin aga seacht faoi sheacht de bhlianta; naoi mbliana agus daichead a bheidh sna seacht seachtaine de bhlianta.
9. Ar an deichiú lá den seachtú mí cuir an trumpa á shéideadh; ar Lá an Leorghnímh cuirigí an trumpa á shéideadh ar fud na críche.
10. Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin.
11. Bíodh an leathchéadú bliain sin ina bliain iubhaile agaibh; ná cuirigí síol, ná bainigí fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora d'fhiniúin gan bearradh.
12. Bíodh an iubhaile naofa agaibh agus caithigí cnuas an mhachaire.
13. I mbliain seo na hiubhaile filleadh gach duine agaibh ar a shealúchas dúchais.
14. Má dhéanann tú aon rud a dhíol le do chomharsa nó a cheannach uaidh, ná sáraigh an fear thall.
15. Má dhéanann tú ceannach ó do chomharsa, cuirtear san áireamh líon na mblianta ón iubhaile; de réir líon na mblianta toraidh, déanadh sé an margadh leat.
16. Dá mhéad é líon na mblianta, is ea is mó an praghas a thabharfaidh tú; dá laghad é líon na mblianta is ea is mó an lascaine; óir is líon áirithe fómhar atá á ndíol aige.
17. Ná déanadh aon duine agaibh éagóir ar a chomharsa, ach bíodh eagla oraibh roimh bhur nDia. Mise an Tiarna bhur nDia.
18. Déanaigí dá bhrí sin de réir mo dhlíthe agus coimeádaigí mo reachtanna; agus cleachtaigí iad, agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
19. Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh, agus íosfaidh sibh bhur sáith agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
20. Sa chás go bhfiafródh sibh cad a íosfaimid an seachtú bliain seo gan síol a chur ná fómhar a bhailiú,
21. d'ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti.