Léivític 25:24-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. An talamh go léir in bhur seilbh, beidh ceart fuascailte air.

25. Má luíonn an bochtanas ar do dheartháir agus go gcaitheann sé a oidhreacht a dhíol, tagadh an gaol is gaire dó chuige agus déanadh sé a mbíonn díolta ag a dheartháir a fhuascailt.

26. Mura mbíonn fear a fhuascailte aige, ach go dtagann speilp air féin, agus go mbíonn sás a fhuascailte aige,

27. déanadh sé líon na mblianta den díshealbhú a bhíonn gan caitheamh aige a áireamh, agus an tsuim ar son an fhaid a bhíonn le dul a íoc leis an té a cheannaigh, agus a shealúchas a fháil ar ais ar an gcaoi sin.

28. Ach mura mbíonn go leor maoine aige chun é a fháil ar ais uaidh féin, ansin fanadh a mbíonn díolta aige i seilbh an té a cheannaigh go bliain na hiubhaile; i mbliain na hiubhaile ní foláir dósan é a scaoileadh agus fillfeadh sé siúd ar a shealúchas.

29. Má dhíolann duine teach cónaithe i gcathair chaisil, beidh ceart fuascailte aige air go ceann bliana tar éis é a dhíol. Ní mhairfidh a cheart fuascailte thar bhliain.

30. Mura bhfuasclaítear é laistigh de bhliain slán, bíodh an teach seo sa chaiseal de sheilbh dhílis shíoraí ag an té a cheannaigh agus ag a shliocht; ní scaoilfear leis sa iubhaile.

31. Ach na tithe sna sráidbhailte gan caiseal umpu, áirítear iad le talamh na dúiche timpeall; bainfidh ceart fuascailte leo agus ní foláir don té a cheannaigh scaoileadh leo sa iubhaile.

32. Ach maidir le cathracha na Léivíteach, beidh ceart fuascailte acu chun aon sealúchais leo sna cathracha go brách.

Léivític 25