Léivític 23:28-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Ná déanaigí aon obair an lá sin, óir is é Lá an Leorghnímh é, ina bhfuil gnás an leorghnímh le comhlíonadh ar bhur son i láthair an Tiarna bhur nDia.

29. Aon duine nach ndéanann troscadh an lá sin, déantar é a ionnarbadh óna phobal;

30. aon duine a dhéanann obair an lá sin scriosfaidh mé ó lár a phobail é.

31. Ná déanaigí aon sórt oibre; is reacht síoraí é sin do bhur sliocht, cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

32. Bíodh sé seo ina shabóid saoire shollúnta agaibh, agus déanaigí troscadh. Tráthnóna an naoú lá den mhí, uaidh sin go dtí an tráthnóna dár gcionn, bíodh sé ina shabóid agaibh.”

33. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

34. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:An cúigiú lá déag den seachtú mí seo féile na dTaibearnacal don Tiarna, agus maireadh sé seacht lá.

35. Lá comhthionóil naofa an chéad lá; ná déanaigí aon obair throm an lá sin.

36. Ar feadh seacht lá ofrálaigí íobairtí dóite don Tiarna; ar an ochtú lá bíodh comhthionól naofa agaibh agus déanaigí íobairt dhóite don Tiarna. Ceiliúradh clabhsúir é. Ná déanaigí aon obair throm an lá sin.

37. Sin iad féilte cinnte an Tiarna atá le fógairt agaibh mar thráthanna tionóil naofa chun íobairtí dóite a ofráil don Tiarna, agus uileloiscthigh agus abhlanna, íobairtí agus ofrálacha dí, de réir ghnás gach lae,

38. seachas sabóidí an Tiarna, agus bhur dtabhartais, agus seachas na nofrálacha móide agus deona go léir a dhéanann sibh don Tiarna.

39. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, nuair a bheidh torthaí na talún cnuasaithe agaibh, déanaigí féile an Tiarna a cheiliúradh ar feadh seacht lá. Bíodh an chéad lá agus an t‑ochtú lá ina lánsaoire.

40. An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.

Léivític 23