Léivític 13:39-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. déanadh an sagart iniúchadh orthu; má bhíonn na pucháin bán mílítheach, is gríos a sceith ar an gcneas; tá an t‑othar glan.”

40. “Má thiteann gruaig a bhlaoisce de dhuine, bíonn sé pláitíneach, ach glan.

41. Má thiteann an ghruaig de chlár a éadain agus dá uiseanna, bíonn maoile éadain air, ach bíonn sé glan.

42. Ach má thagann fiolún bándearg ar a bhlaosc nó ar a éadan maol, sin lobhra ag teacht ar bhlaosc mhaol nó ar éadan maol an duine.

43. Déanadh an sagart é a scrúdú agus má bhíonn at nó cneá bándearg ar a cheann maol nó ar a éadan maol, ar aon dul le lobhra an chnis,

44. fágann sin go bhfuil lobhra ar an duine; tá sé neamhghlan. Fógraíodh an sagart neamhghlan é; tá lobhra chinn air.”

45. “An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’

46. Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”

47. “Nuair a thagann lobhra ar éadach - bíodh sé d'olann nó de líon,

48. bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair -

49. agus má thaibhsíonn glaise nó deirge san éadach seo, san ábhar, sa bhrat, sa tseithe, nó sa déantús leathair, is cás lobhra é agus taispeántar don sagart é.

50. Déanadh an sagart an lot a scrúdú agus cuireadh sé an rud loite ar leithrigh ar feadh seacht lá.

Léivític 13