Leabhar Na N-Olagón 4:9-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. B'ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomhná iad siúd a fuair bás den ghorta,a bhíodh á snoí agus á n‑ídiú go mall righincheal torthaí na talún.

10. Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh,bhruith siad a leanaí lena lámha féin;is iad a bhíodh mar bhia acu,nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.

11. Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach;tháinig lasair feirge fíochmhaire ann;d'adhain sé tine i Síón,a loisc a bunsraitheanna.

12. Níor chreid ríthe an domhain mhóirná duine ar bith dá maireann ar an saolgo rachadh namhaid nó eascara dá laghadisteach trí gheataí Iarúsailéim.

13. A mhilleán sin ar pheacaí a fáitheagus ar chionta a sagart,a dhoirt amach laistigh difuil na bhfíréan.

14. D'imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill;bhí siad truaillithe le fuil,sa chaoi nárbh fhéidir le haon duinebaint lena mbaill éadaigh.

15. “Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo,“Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!”Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún:“Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”

Leabhar Na N-Olagón 4