Laoi Na Laoithe 8:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Tá deirfiúr againn atá beag,í fós gan chíocha.Cad a dhéanfaimid lenár ndeirfiúran lá a mbeidh sí á hiarraidh?

9. Más balla ítógfaimid túr airgid ar a mullach.Más geata í,daingneoimid le clár céadrais í.

10. Is balla méagus mo chíocha mar thúir air,Ach leis an bhfear siúdtá mo shíocháin déanta.

11. Bhí fíonghort ag Solamhi bpobal líonmhar.Chuir sé an fíonghort ar cíos,míle bonn ón duine ar a thoradh.

12. Sin é an fíonghort domsa:seo dhuit do mhíle bonn, a Sholaimh,agus dhá chéad thairis dá lucht coimeádta.

13. Tusa sa ghort- tá na cairde ag éisteacht -cluinim do ghuth.

14. Rith chugam, a ghrá mar eilit,nó mar oisín na bhfia,ar chnoic chumhra.

Laoi Na Laoithe 8