Iúidit 8:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Bhí seomra breise tógtha aici ar dhíon an tí di féin. Chaitheadh sí sacéadach faoina coim, agus éide bhaintrí thairis.

6. D'fhan sí ar troscadh ó cailleadh a fear, ach amháin lá na sabóide agus an lá roimhe, féile na nuaghealaí agus an lá roimpi sin, agus laethanta deabhóide nó gairdis a chomóradh náisiún Iosrael le chéile.

7. B'álainn an bhean ina pearsa í, bean a thógfadh do shúil. Chomh maith, bhí aici fós an méid a d'fhág a fear, Manaise, aici - ór agus airgead, buachaillí agus cailíní aimsire, ba agus talamh.

8. Agus bhí an dea-theist uirthi i mbéal gach aon duine, mar fíoruamhan Dé ba stiúir bheatha dhi.

9. Chuala Iúidit i dtaobh ar tharla - an ganntanas uisce agus an lagmhisneach a thug ar mhuintir an bhaile labhairt mar sin go searbh leis an maor, agus an freagra a thug Uizíá orthu, gur gheall sé dóibh faoi bhrí na mionn go dtabharfadh sé an baile suas do na hAsaírigh i gceann cúig lá.

10. Chuir sí an seirbhíseach mná a bhí i bhfeighil a cuid gnóthaí aici ag triall ar Uizíá agus Chaibris agus Chairmis, ag iarraidh orthu teacht chuici.

11. “Éistigí, sibhse atá os cionn phobal Bhéitiúilia,” ar sise leo nuair a bhíodar tagtha. “Ba lag an mhaise daoibh a ndúirt sibh leis an bpobal inniu, agus an margadh sin a rinne sibh le Dia gur gheall sibh an baile a thabhairt suas dár naimhde mura dtiocfaidh an Tiarna i gcabhair arís orainn laistigh den áirithe sin laethanta.

12. Cé sibhse, an dóigh libh, agus a rá gur thug sibh dúshlán Dé mar sin inniu, agus go bhfuil sibh do bhur gcur féin in airde os a chionn agus clann an duine ag féachaint oraibh?

13. Ag cur trialach ar an Tiarna uilechumhachtach atá sibh; ach beidh sibh aineolach go deo.

14. Ní éireoidh libh doimhneas croí an duine a thomhas, ná breith a thabhairt ar na smaointe atá ina cheann; conas mar sin a thiocfaidh sibh suas leis an Dia a rinne na rudaí seo go léir, nó eolas a chur ar a aigne, nó a mhachnamh a thuiscint? Faire, faire, a dheartháireacha: ná bígí ag cur feirge ar an Tiarna bhur nDia!

15. Tharlódh nár thoil leis teacht i gcabhair orainn laistigh de na cúig laethanta, ach tá ar a chumas aige sinn a chumhdach aon fhad laethanta is maith leis, nó, chomh maith, sinn a dhíothú os comhair ár naimhde.

Iúidit 8