4. Trí bliana agus ceithre mhí roimhe seo a tharla sin, agus an fad sin, saol na baintrí a bhí á chaitheamh ag Iúidit sa bhaile ina teach féin.
5. Bhí seomra breise tógtha aici ar dhíon an tí di féin. Chaitheadh sí sacéadach faoina coim, agus éide bhaintrí thairis.
6. D'fhan sí ar troscadh ó cailleadh a fear, ach amháin lá na sabóide agus an lá roimhe, féile na nuaghealaí agus an lá roimpi sin, agus laethanta deabhóide nó gairdis a chomóradh náisiún Iosrael le chéile.
7. B'álainn an bhean ina pearsa í, bean a thógfadh do shúil. Chomh maith, bhí aici fós an méid a d'fhág a fear, Manaise, aici - ór agus airgead, buachaillí agus cailíní aimsire, ba agus talamh.
8. Agus bhí an dea-theist uirthi i mbéal gach aon duine, mar fíoruamhan Dé ba stiúir bheatha dhi.