1. An lá ina dhiaidh sin, d'ordaigh Holofarnaes dá arm go léir agus do na cathláin iasachta a tháinig leo sa slógadh bogadh as an gcampa i dtreo Bhéitiúilia. An chéad rud a bhí le déanamh sa chogadh seo i gcoinne chlann Iosrael ná bheith rompu agus greim a fháil ar na conairí suas go dtí na sléibhte.
2. Ghluaiseadar leo an lá céanna, gach fear san arm sin a raibh troid ann - céad seachtó míle acu ar a gcois agus dhá mhíle dhéag ar mhuin capaill agus a gcuid trealaimh ina ndiaidh agus an slua mór coisithe a lean é.
3. Suas an gleann i gceantar Bhéitiúilia a chuadar, chomh fada le tobar atá ann, agus bhíodar leata amach ó Dhótán go Bealbáim, agus ag síneadh ó Bhéitiúilia siar go dtí Cúamón atá ag féachaint síos amach ar Easdraelón.