23. “Níl aon eagla orainne roimh chlann Iosrael,” ar siad. “Dream gan éifeacht is ea iad, nach bhfuil de neart iontu fiú ord maith catha a chur orthu féin inár gcoinne.
24. Sea cheana, suas linn chucu! Le méid an airm seo atá agat, a Holofarnaes, a thaoisigh, ní bheidh iontu ach greim inár mbéal!”