2. Ghlaoigh sé chuige le chéile a gharda uile agus príomhoifigigh a airm agus mhínigh dóibh an rún a bhí glactha aige. D'inis sé tríd síos ina fhocail féin an t‑olc go léir a bhí déanta ag muintir an réigiúin sin.
3. Agus d'aontaigh siad go mba cheart bascadh agus bás a imirt ar chách nár ghéill d'ordú an rí.
4. Sea, níor thúisce ráite ná beartaithe é, agus níor thúisce beartaithe é ná ghlaoigh Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, ar Holofarnaes chuige. B'shin ardcheannasaí an airm, fear nach raibh os a chionn ach an rí féin.
5. “Seo mar a ordaíonn an t‑ardrí, tiarna an domhain,” ar seisean leis. “Bí chun bóthair uaim, agus beir leat fir nach bhfuil amhras faoina gcumas, timpeall céad agus a fiche míle de choisithe agus eachra chomh maith - dhá mhíle déag marcach.
6. Gluais leat i gcoinne ciníocha uile an iarthair, nár thug aird ar m'fhocal.
7. Abair leo cré agus uisce a bheith ullamh acu, mar go mbeadsa chucu i bhfearg. Ní bheidh fód caol dá dtír nach leagfaidh saighdiúir liom cos air, agus é tugtha dóibh agamsa mar chreach.
8. Ní bheidh clais ná cumar nach mbeidh lán suas d'fhir ghonta agus beidh na sileáin agus na haibhneacha thar a mbruacha amach lena mbeidh de chorpáin caite iontu.
9. [An méid a fhágfar beo,] cuirfidh mé ina mbraighdeanaigh go dtí deireadh an domhain iad.
10. Seo leat mar sin: gabh tiarnas ar an réigiún sin go léir i mo chomhair. Géillfidh siad duit agus coinneoidh tú smacht orthu go dtiocfaidh an lá chun díoltas a imirt orthu.
11. Aon duine nach ngéilleann duit, ná bíodh léas trócaire i do shúil dó; ná bíodh le fáil aige sa cheantar sin ach slad agus eirleach.
12. Tá deireadh ráite agam. Sin mar a dhéanfaidh mé, nó ní fear beo ná rí láidir mise.
13. Déansa a bhfuil ordaithe agam, gach pioc de, mar is mise do thiarna. Gach pioc riamh, a deirim, agus déan gan mhoill é.”
14. Amach le Holofarnaes as láthair a thiarna, agus ghlaoigh sé chuige a raibh de thaoisigh agus de cheannairí agus d'oifigigh in arm na nAsaíreach,
15. agus cheap sé na saighdiúirí ab fhearr, de réir mar a d'ordaigh a thiarna - céad agus a fiche míle acu agus dhá mhíle déag marcach agus bogha ag gach fear acu.
16. Agus chuir sé eagar orthu mar a chuirtear ar arm chun catha.
17. Chomh maith, bhailigh sé táin mhór de chamaill agus d'asail agus de mhiúileanna chun a gcuid trealaimh a iompar dóibh. Agus chun bia, bhí aige tréad mór bó agus caorach agus gabhar, nach raibh aon chomhaireamh orthu.
18. Bhí lón maith flaithiúil don bhóthar ag gach saighdiúir san arm sin, agus flúirse óir agus airgid de chuid an rí ina phóca.