Iúidit 12:18-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Dúirt Iúidit leis: “Déanfaidh mé agus fáilte, a thiarna,” ar sise, “mar sháraigh an saol atá agam inniu ar aon lá ó rugadh mé.”

19. Ansin thóg sí a raibh ullamh ag a hionailt di agus chaith sí bia agus deoch ina láthair.

20. Chuir sí áthas croí ar Holofarnaes, agus d'ól sé a lán fíona, i bhfad níos mó ná mar a d'ól sé aon lá riamh ó rugadh é.

Iúidit 12