Iúidit 11:20-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Thaitin a cuid cainte le Holofarnaes agus lena ghiollaí go léir, agus rinne siad ionadh dá heagna á rá:

21. “Níl a leithéid de bhean ó cheann ceann na cruinne, ar áille snó ná ar eagna briathar!”

22. Dúirt Holofarnaes léi: “Is maith a rinne Dia é, tú a chur ar aghaidh roimh do phobal lenár lámha a neartú agus le scrios a thabhairt orthu siúd a thug masla do mo thiarna.”

23. “Ní amháin go bhfuil tú sciamhach snó, ach eagnaí briathar freisin; má dhéanann tú mar atá ráite agat, beidh do Dhia mar Dhia agamsa, agus cuirfidh tú fút i bpálás Nabúcadnazar rí, agus beidh cáil ort ar fud na cruinne go léir.”

Iúidit 11