16. Agus ag seasamh duit os a chomhair, ná bíodh eagla chroí ort, ach inis dó díreach mar atá ráite agat, agus cuirfidh sé cóir mhaith ort.”
17. Thogh siad céad fear as a líon le hí féin agus a hionailt a thionlacan, agus thug siad iad go puball Holofarnaes.
18. Bhí an-scleondar sa longfort mar leath sé ó bhoth go both go raibh sí tagtha; agus tháinig slua ina timpeall agus í ag feitheamh lasmuigh de bhoth Holofarnaes, fad bhíothas á insint dó ina taobh.
19. Rinneadar ardionadh dá háille, agus ionadh de chlann Iosrael dá barr; agus dúirt gach duine lena chomharsa: “Cé a d'fhéadfadh drochmheas a bheith aige ar phobal mar seo, a bhfuil mná mar seo ina measc? Ambasa gur fearr gan fear díobh a fhágáil beo, mar má scaoilimid leo beidh ar a gcumas an saol go léir a mhealladh.”