6. Agus sheas ar aon taobh leis na treibheanna go léir sna sléibhte agus cois Eofrataes agus cois Tígrise agus cois Hídeaspaes, agus an méid de mhuintir an mhachaire a bhí faoi Airíoch, rí Eiliomáis - an-chuid ciníocha ar fad acu a chuir a nguaillí le guaillí na gCaildéach sa slogadh.
7. Chuir Nabúcadnazar fios ar mhuintir na Peirse agus ar ar chónaigh as sin siar chomh maith, sa tSiléis agus sa Damaisc, sa Liobáin agus san Aintiliobáin agus cois farraige,
8. i measc na gciníocha ar Chairmeil agus i nGileád, in uachtar na Gailíle agus ar mhachaire mór Easdraelón,
9. sa tSamáir agus sna bailte máguaird, lastall den Iordáin agus sna haird as sin ó dheas - Iarúsailéim agus an Bheatáin agus Cealos agus Cáidéis agus Abhainn na hÉigipte, ansin Tafnas agus Ramasaes agus ceantar Ghoisin ar fad;
10. thar Táinis agus Meimfis ó dheas arís, fad na hÉigipte uile síos go dtí críocha na hAetóipe.