Iúd 1:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine á rá: “Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh,

15. le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.

16. Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”

17. Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost;

18. mar dúirt siadsan libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n‑ainmhianta coirpeachta féin.”

19. Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu.

20. Ach sibhse, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh,

21. agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.

Iúd 1