Íseáia 64:8-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair.Sinne an chré, tusa an potaire,agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.

9. Ná bíodh fearg rómhór ort, a Thiarna,ná meabhraigh an urchóid de shíor!Féach orainn go léir, breathnaigh ar do mhuintir.

10. Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh,tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.

11. Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn,mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh,tá sé dóite go talamh le tine,agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.

12. Ina dhiaidh sin, a Thiarna, an bhfuil tú chun srian a chur leat féin,chun fanacht i do thost agus sinn a smachtú thar cuimse?

Íseáia 64