4. Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam,agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.
5. Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom;agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil.Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom,agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.
6. Bhasc mé na ciníocha le cuthach,shatail mé orthu le teann feirge,agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.
7. Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris,agus éachtaí an Tiarna a fhógairt,gach a ndearna an Tiarna ar ár sonagus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael,gach ar bhronn sé orthu le barr dáimheagus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.
8. Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad,mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.”Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu