5. Beidh eachtrannaigh ag buachailleacht bhur dtréada daoibh,agus coimhthígh ag saothrú bhur dtalaimh agus bhur bhfíniúna.
6. Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarnaagus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé.Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamhagus a maoin ar fad faoi réir agaibh.
7. Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náireagus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann,gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féinagus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.
8. Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceartagus is gráin liom slad agus éagóir.Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis,agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.
9. Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníochaagus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún.Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad gur cine iadatá beannaithe ag an Tiarna.
10. “Gáirim le gairdeas sa Tiarna,tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia.Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phóstanó brídeach á maisiú féin lena seoda.
11. Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamharfíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”