Íseáia 53:2-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhaira mbeadh a fréamh i dtalamh tirim.Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinnená scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;

3. ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine,fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air;a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise,ba tháir agus ba tharcaisne linn é.

4. Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iomparagus ár bpianta, ba iad a thromualach.Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é,gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte.

Íseáia 53