1. Is amhlaidh seo a deir an Tiarna:Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea,an dintiúr lenar chuir mé uaim í?Nó cé acu de mo chreidiúnaithear dhíol mé sibh leis?De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh,de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.
2. Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham,agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt?An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte?An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála?Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige,déanaim gaineamhlach de na haibhneacha;tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.