7. Bhí sé ina dheilín agat: “Choíche is go bráchbeidh mise i mo mháistreás.”Níor mhachnaigh tú ar na rudaí seo i do chroí,ná níor chuimhnigh ar an deireadh a bheadh orthu.
8. Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais,atá i do shuí go teá rá leat féin i do chroí:“Mise, mé féin amháin!Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche,ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”
9. Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ortd'aon iarraidh agus in aon lá amháin.Caill do chlainne agus baintreachas,tiocfaidh siad ort go tobann,d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léiragus ilchumas do dhraíochta.
10. Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá:“Ní fheiceann aon duine mé.”Do chríonnacht agus d'eolas,is iad a mhearaigh thú.Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh:“Mise, mé féin amháin!”