Íseáia 39:5-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: “Éist le briathar Thiarna na Slua!

6. Tiocfaidh na laethanta a dtabharfar ar shiúl chun na Bablóine gach a bhfuil i do phálás, gach ar chuir do shinsir i dtoll a chéile go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní, a deir an Tiarna.

7. Cuid de do chlann mhac féin a shaolófar duit, tabharfar ar shiúl iad agus beidh siad ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.”

8. Dúirt Hiziciá le hÍseáia ansin: “Briathar sin an Tiarna agat, is dea-scéala é.” Óir ba é a bhí ina aigne: “Beidh síocháin agus slándáil ann le mo ré féin.”

Íseáia 39