Íseáia 37:33-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre:Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach,saighead ní scaoilfidh sé inti,sciath ní ardóidh sé ina coinne,Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.

34. An bealach a tháinig sé, fillfidh sé ar ais;ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo - briathar an Tiarna.

35. Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháilar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”

36. An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.

37. Scor Sanaichéiríb a champa ansin agus d'imigh sé abhaile go Nínivé agus chuir sé faoi ann.

38. Lá amháin, agus é ag adhradh i dteampall Niosroc, an dia a bhí aige, tháinig a bheirt mhac, Adraimeilic agus Seaireizir, agus mharaigh siad é le claíomh agus d'imigh ar a seachnadh go tír Ararat. Rinneadh rí dá mhac Éasarchadón ina ionad.

Íseáia 37