11. Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: “Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.”
12. Ach dúirt an tArdoifigeach leo: “An le do thiarna agus leatsa a chuir mo thiarnasa uaidh mé le seo á rá? Ní hea, ach leis na daoine seo atá ina suí ar na ballaí agus gur dual dóibh a gcac féin a ithe agus a mún féin a ól bhur ndála féin?”
13. Ansin d'éirigh sé ina sheasamh agus scairt sé amach in ard a chinn in Eabhrais: “Éistigí le teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre!
14. Seo iad focail an rí: Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh! Ní bheidh sé in ann sibh a shábháil.
15. Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.